Gael Linn

Published Date

 

Ghlac daltaí ó Ardscoil Mhuire páirt i ndíospóireachtaí Gael Linn ar oíche dé Céadaoin an 21ú Dheireadh Fómhair i Mainistir na bhFéile.  B'iad na daltaí a ghlac páirt sa sraith sóisearach ná Amy Ní Chuilleannain, Máire-Cáit Ní Fhlannagáin, agus Érin Ní Bhairéad.  Is é an rún a bhí á phlé acu ná "ba cheart Simon Cowell a ruaigeadh ón teilifís".  Bhí an fhoireann ó Ardscoil Mhuire ar son an rún.

 

Ghlac daltaí ón idirbliain páirt sa sraith shinsearach. B'iad na daltaí a ghlac páirt ann ná Niamh Ní Chonraí, April Ní Chuinn, agus Rachael Sleath.  Bhí caighdeán an-ard ann ar an oíche agus ar an ndroch uair níor éirigh leis an dá fhoireann ó Ardscoil Mhuire leanacht ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile ach rinne na cailíní an-obair ar fad!